Sinn Fein
11-02-2007, 07:34 PM
Colm Ó Broin
Cuireadh tús le cumann nua caidrimh idir Gaeil chathair Ard Mhacha agus grúpa Polannach a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann i gcoitinne.
Bunaíodh Szacunek-Meas tar éis feachtais atá ag dul le cúpla mí anuas, faoi choimirce Chomhthionól Ard Mhacha Thiar, a chuaigh i gcomhar le Gael-Linn le teagmháil a dhéanamh le hinimircigh.
Is é is cuspóir don chumann nua comhthuiscint a chothú idir muintir na háite agus lucht na Polainne ina measc agus beagán Gaeilge a theagasc dóibh le cois beagán Polainnise a fhoghlaim san am céanna.
Ag caint dó le Lá Nua, dúirt Réamonn Ó Ciaráin ó Ghael Linn go raibh spéis léirithe ag na Polannaigh sa Ghaeilge toisc gur thuig siad an tábhacht a bhí le teanga dhúchais a labhairt agus gur shíl siad gur cheart do mhuintir na hÉireann an Ghaeilge a labhairt.
I ndiaidh chéad chruinniú an ghrúpa, tugadh aghaidh ar bhialann Pholannach in Iúr Cinn Trá le ‘blas’ na Polainne a aireachtáil agus tuairimí a mhalartú.
Na Polannaigh atá ag cur fúthu in Ard Mhacha faoi láthair, tagann a bhformhór as ceantar in oirdheisceart na Polainne a dtugtar Sandomierz air.
Dé hAoine seo caite, tionólodh an tríú cruinniú den ghrúpa agus bhí dáréag i láthair.
Mhínigh Jolanda Kilinska don slua i láthair cúlra an bhanfhile, Maria Konopnicka, a chum an dán, Pocałunek Roberta Emmeta (‘Póg Dheireanach Roibeard Emmet’), faoin ghaiscíoch Éireannach a crochadh in 1803.
Dúirt sí go raibh dáimh riamh ag muintir na Polainne leis na Gaeil de thairbhe creidimh agus cosúlachtaí staire.
Léirigh sí chomh maith mar a rinneadh deighilt den Pholainn ina trí chuid - faoi na Prúisigh, na Rúisigh agus na hOstaraigh - agus gur chuidigh an creideamh agus labhairt na teanga le spiorad an náisiúnachais a choinneáil beo i rith na tréimhse úd.
Ina dhiaidh sin, thaispeáin Gerry Oates, duine de mhuintir Ard Mhacha, cuid de na ceangail teangeolaíochta a fhaightear idir an Ghaeilge agus an Pholainnis, mar shampla, póg: pokój (‘síocháin’), ón Laidin pax; nead: gniazdo (‘nead’), ón Laidin nidus; agus na samplaí seo a leanas capall: kobyła (‘láir’); meisce: miesić (‘fuinim’); goradh: gorący (‘te’), a shíolraíonn ó fhréamhacha coitianta Ind-Eorpacha.
Lena chois sin, d’fhoghlaim na hÉireannaigh a bhí i láthair rud beag Polainnise agus mhúin siad na gnáth-bheannachtaí Gaeilge agus bunchomhrá simplí do na haíonna Polannacha.
Roimh dheireadh na bliana, tá beartaithe ag an ghrúpa cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath le siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus b’fhéidir teagmháil a dhéanamh leis na háiteanna a thaithíonn na Polannaigh sa phríomhchathair.
I dtús mhí na Nollag, tá ar intinn ag an ghrúpa deireadh seachtaine a chaitheamh i nGaeltacht Ghaoth Dobhair le saol Thír Chonaill a bhlaiseadh agus tá súil acu na naisc chaidrimh seo a neartú sa bhliain atá romhainn.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gcumann nua ag eolas@gael-linn.net
11/02/2007
www.irelandclick.com
:eusa_clap: